Share This:
President Michael D. Higgins in Arus Einne

Tháinig an tUachtarán M.D. Ó Uiginn ar cuairt oifigiúl chuigh Inis Oírr,Oileáin Arainn ar an 19ú Mean Fomhair 2013.Thugj an helicoptear go dtí an oileáin é. Chuir na daltaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Chaomháin fáilte croiúil  roimhe. Tugtar go hArus Eanna é I mbus speisialta.S’é Arus Eanna  an tIonad Ealainne in Inis Oirr. Chuir Mairéad Ní Ghallchóir (an Bainisteoir) agus Darach O Scolaí (Cathaoirleach den bord Arus Eanna) fáilte roimhe. Labhair sé le lucht boird Aras Eanna uilig. 

Chuaigh an tUachtaran timpeall an Arus ag breathnú ar 

  • taispeántais le Micheáil Ó Flannagáin (griangrafadóir) 
  • taispeántais ‘Sean-Stíl éadach’ 
  • Ceardaíocht Cleas Teo 
  • Cuilteannaí déanta ag gComhar na nAosach 
  • Taispéantais ‘Wiseways-Béaloideas Inis Oirr’
  • Taispéantais ‘An Plassy’
  •  Taispéantais Manfred Url

Ag deire, shroic sé an amharclann.  Chuir scoláirí  Choláiste Gobnait sheo briomhar ar súil dó. Labhair Darach Ó Scolaí agus Aine Uí hAlmhain (ball de Bhord Aras Éanna) ag glacadh buíochas leis an Uachtarán as a chuairt.

Bronnadh bronnaisí air - samplaí den ceardaíocht, an leabhar ‘The House of Gold’ le Liam O Flathartha,pictiurí agus rl do Uachtaráin.Fuair na cuartoirí béile deas thuas I dteach conaithe na healaíontóirí. 

Ina dhiaidh sin chuaigh muid ar fad go dtí Choláiste Gobnait, áit ar cuireadh fíor fáilte roimhe le ceol, filíocht agus amhráin.  Labhair an tUasail Tomás Breathnach (Priomh Oifigeah Feidhmiúil) don VEC agus an Priomh Oide Caoimhán Ó Conghaile. Thug an tUacharán oráid uaidh.  Mhól sé an choláiste, an foireann agus na daltaí reatha agus na hiarscolairí.  Thugh sé aitheantas don ngrúpa a bhí gníomhach as an scoil a bhúnú agus luaigh sé Pól Ó Foighil (R.I.P) agus an méid obair a rinne sé ar son Coláiste Gobnait. Dá bharr an obair seo, tá pobail beo briomhár ar Inis Oirr anois. 

D’fhág M.D. O Uiginn slan agus beannacht ag Inis Oirr agus d’imigh sé treasna na dtonnta go Ros-a-Mhil ar an mbád farrantóireachta ‘Glór na Farraige’

 

We hope you have found the information we have shared helpful. While you are here, we have a small favour to ask. Ireland Reaching Out is a non-profit organisation that relies on public funding and donations to ensure a completely free family history advisory service to anyone of Irish heritage who needs help connecting with their Irish place of origin. If you would like to support our mission, please click on the donate button and make a contribution. Any amount, big or small, is appreciated and makes a difference. 

Donate Now